Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:8

An Bíobla Naofa 1981

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.

Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo.

Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.

Go n‑éirí m'urnaí mar thúis i d'fhianaise; go raibh ardú mo lámh mar íobairt tráthnona.

Urnaí Dháiví. Éist le cúis chóir, a Thiarna; tabhair aird ar mo ghlór; tabhair cluas do m'urnaí nach dtagann as béal bréagach.

An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.

Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.

Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n‑amadán.

Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

An ceart is an chóir a dhéanamh, is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.

An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.

Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.

Mo cholm i scailp na haille, i bhfolach i bpluaiseanna, dá bhfeicfinn do ghnúis, dá gcluinfinn do ghuth! óir is binn é do ghuth, is álainn í do ghnúis.

Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n‑íobairtí.

Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.

“Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe? An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite nó le laonna aon bhliana?

Ar mhaith leis na mílte reithe nó deich míle de shruthanna ola? An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta, toradh mo choirp in éiric peacaí m'anama?”

Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: “Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo.

“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.

Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí