Tá mórán maoine i dteach an fhíréin, ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.
Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;
Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.
Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.
Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarna ná an builín mór agus buairt dá réir.
Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.
Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n‑amadán.
Is fearr an beagán agus an chóir ná an mórán agus an éagóir.
Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna, ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.
Tá mallacht an Tiarna ar theach an drochdhuine, ach cuireann sé a bheannacht ar áitreabh na bhfíréan.
Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé, agus ag líonadh a dtaiscí.
Ach is fearr lán glaice le suaimhneas ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe.
Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht.