Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:32

An Bíobla Naofa 1981

An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin; an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.

An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha; ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.

Bochtaine agus tarcaisne atá i ndán don té a chuireann suas don smacht, ach onóir don té a ghlacann le ceartú.

Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh, ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n‑amadán.

Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.

An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin, beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe.

Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.

Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.

Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?

Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.

Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin.

Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;

A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.

A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.

“Má bhíonn mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar ná máthar, agus nach dtógann aon cheann dóibh fiú nuair a chuireann siad pionós air,

agus a rá le seanóirí na cathrach: ‘Tá an mac seo againn ceanndána easumhal, agus ní ghéillfidh sé dár nguth; déanann sé craos agus bíonn ar meisce.’

féachaigí chuige nach gcaillfidh aon duine agaibh grásta Dé, agus nach bhfásfaidh aon fhréamh nimhneach suas in bhur measc a chuirfeadh buaireamh oraibh agus a thruailleodh an t‑iomlán agaibh.

Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.

An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí