Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:27

An Bíobla Naofa 1981

An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

D'éirigh Simeí agus chuir an diallait ar a asal agus d'imigh go hÁicís i nGat ar lorg a dhaorán. D'imigh sé leis agus thug a dhaoráin ar ais ó Ghat.

Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.

nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.

Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.

Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.

Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.

An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.

An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht; beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.

Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.

An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.

Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine, agus ná bain le [breis bhradaigh].

An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.

Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.

Daingníonn rí a thír lena cheartas, ach milleann an feallaire é.

Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”

Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.

Ná tabhair aon ní gráiniúil isteach i do theach, nó tiocfaidh tú féin leis faoin mbang a dhála sin; bíodh fuath agus gráin agat dá leithéid óir tá sé faoi bhang.

Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.

Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.

Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d'fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air.

Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí