Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:26

An Bíobla Naofa 1981

Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar sula bhfaighe sé mo bhua; Ansin is ea a bheidh mé gan smál agus saor ó thrompheaca.

Do stiúrthóir an chóir. Le fonn an cheadail “Na lilí...”. Mascil chlann Chorach. Amhrán grá.

Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.

Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!

Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.

An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.

Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin; is gráin le daoine an scigire.

Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?

Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí