Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha, agus seachnaíonn sé Seól laistíos.
Féach an bhfuil drochslí á siúl agam; agus seol mé ar shlí na síoraíochta.
Taispeánfaidh tú slí na beatha dom; tá lúcháir go fial i do láthair agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.
Tá a teach ag fiaradh chun báis, agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí.
Buail buille bata air agus déanfair a anam a fhuascailt ó Sheól.
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Gabhann a cosa síos chun an bháis, agus seolann a céimeanna síos chun Seól;
Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,
Sé a teach an bealach go Seól agus an tslí síos go cúirteanna an bháis.
Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.
“Agus déarfaidh tú leis an bpobal seo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Cuirim romhaibh anois slí na beatha agus slí an bháis.
Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.
Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.
Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.
Ar neamh atá ár mbaile dúchais againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost.