Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:16

An Bíobla Naofa 1981

Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarna ná an builín mór agus buairt dá réir.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Is fearr an beagán atá ag an bhfíréan ná maoin is mórshaibhreas na n‑éagráifeach;

Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.

Is drochlá gach lá ag fear na buairte, ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.

Is fearr an beagán agus an chóir ná an mórán agus an éagóir.

Is fearr crústa tur agus síocháin, ná teach fleá agus ceannairc.

Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht, ná fear saibhir na mbealaí claon.

Ach is fearr lán glaice le suaimhneas ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe.

Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí