Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:12

An Bíobla Naofa 1981

Ní maith leis an scigire é a cheartú, agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn! Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!

“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?

Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.

Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.

Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán; an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.

ar fuath leo an fear a chuireann ceart dlí i bhfeidhm ag an ngeata agus ar gráin leo an té a insíonn an fhírinne.

Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.

Tá an uair ag teacht nuair nach nglacfaidh daoine a thuilleadh leis an teagasc folláin. Ina ionad sin cruinneoidh siad múinteoirí ina dtimpeall a bheidh chun a dtola agus iad ar bís chun iad a chloisteáil;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí