Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 15:10

An Bíobla Naofa 1981

Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán; an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Acháb Éilias, dúirt sé leis: “Ansin duit, a sciúirse Iosrael!”

Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.

D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

“D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú, “Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,

Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?

De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,

Ní ghlacfaidís le comhairle uaim, agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.

An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha; ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.

An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.

Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.

Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna, nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!

Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh, ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.

“Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní; cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”

Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht! agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.

Nár tharraing tú é seo ort féin, mar gur thréig tú an Tiarna do Dhia?

Ach má thugann tú rabhadh don drochdhuine iompú óna aimhleas agus nach n‑iompaíonn sé, gheobhaidh sé bás de bharr a pheaca ach tabharfaidh tusa do bheatha slán.

Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí