Gan damh gan farae; le neart daimh tagann fómhar fial.
An féidir duit a bheith ag brath air de bharr a nirt éachtaigh, Agus ligean dó do thromshaothar a dhéanamh?
Go raibh ár mbólacht trom torrach le laonna; ná raibh ár múrtha briste bearnach; ná raibh deoraíocht, ná raibh círéib ná clampar inár sráideanna.
Tagann bia go flúirseach ó ithir an bhoicht, ach scuabann an éagóir ar shiúl é.
Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin, ach is díon iad a bheola don duine críonna.
Ní insíonn finné fírinneach bréag; ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.
D'fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.