Déanann an tsuáilce cine a mhóradh, ach is tarcaisne ar aon náisiún an peaca.
Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna.
riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.
Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.
Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Daingníonn rí a thír lena cheartas, ach milleann an feallaire é.
Nuair a labhraíodh Eafráim, thagadh creathnú ar dhaoine: óir ba cheannasach in Iosrael é. Ach fuarthas ciontach é mar gheall ar Bhál agus tá sé ag fáil bháis.