Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.
Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.
Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas, ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
Déanann an tsuáilce cine a mhóradh, ach is tarcaisne ar aon náisiún an peaca.
Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.
Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta], ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.
Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d'anam an t‑eolas,
Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.
Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.