óir tugann tú grá don mhuintir a thugann fuath duit, agus fuath don mhuintir a thugann grá duit. Thaispeain tú inniu gur bheag é do mheas ar cheannairí nó ar shearbhóntaí; mar is léir dom anois dá mbeadh Aibseálóm beo inniu agus sinn uile marbh, go mbeifeá sásta.
Dúirt Ióáb leis an rí: “Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?”
Bhí clann Iosrael chomh maith cruinnithe agus lón acu agus ghabhadar amach ina gcoinne. Shuigh clann Iosrael a gcampa os a gcomhair agus iad mar a bheadh dhá thréad bheaga gabhar ann, ach an dúiche go léir ar snámh le hArámaigh.
Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
“Ardaigh do shúile, a Iarúsailéim, agus féach an dream atá ag teacht anois as an tuaisceart. Cá bhfuil an tréad a tugadh duitse uair ar iontaoibh, an tréad as a ndéanfá mórtas?