Coróin na ngaoismhear a ngaois, an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.
Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.
Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.
Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir, ach níl [sás a ghill] ag an daibhir.
Bíonn toradh ar gach saothar; níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna, ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.
Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.
Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.
Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.