Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 14:21

An Bíobla Naofa 1981

Peacach an té ar beag leis a chomharsa; ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach.

Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.

Molaigí an Tiarna, a mhuintir lenarb eagal é: tugaigí clú dó, a shliocht Iacóib go léir, tugaigí urraim dó, a shíol Iosrael ar fad;

Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost.

Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.

Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith; agus leanann an easonóir an masla.

An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.

Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine; ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.

Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.

An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:

Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”

Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.

Níor mhaith linn go n‑éireodh sibh leisciúil ach go ndéanfadh sibh aithris ar na daoine atá ina n‑oidhrí, de bharr a gcreidimh agus a bhfadfhulaingthe, ar na maitheasaí a gealladh dóibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí