Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 14:2

An Bíobla Naofa 1981

An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air; ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.

D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.

Leanann siad na seanghnásanna fós inniu. Níor thug siad urraim don Tiarna, ná níor lean siad a reachtanna ná a ghnásanna, ná an dlí ná na haitheanta a leag an Tiarna ar shliocht Iacóib dár thug sé an t‑ainm Iosrael.

Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.

Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.

Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”

Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.

Go gcumhdaí an neamhurchóid is an t‑ionracas mé, óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna.

Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost.

Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.

Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.

Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.

Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.

Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht, ná fear saibhir na mbealaí claon.

Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine.

An té a chluineann sibhse, cluineann sé mise, agus an té a dhiúltaíonn daoibh, diúltaíonn sé dom, agus an té a dhiúltaíonn dom, diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.

D'fhreagair siadsan dó: “Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”

ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.

Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí