Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 14:15

An Bíobla Naofa 1981

Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?”

“Ceart go leor,” arsa Baitseaba, “labhróidh mé leis an rí ar do shon.”

Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu.

Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart.

Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.

Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta; cuireann baois na mbaoth daoine amú.

Éisteann an t‑urchóideach le béal mailíseach, agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.

Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

Bíodh an cosán faoi do chosa réidh, agus do shlite go léir daingean.

Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.

I gcuideachta Sheirgias Paulas próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.

Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.

Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.

A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí