Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo; ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.
Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”
Beidh d'ainm in ardchéim go deo agus déarfaidh daoine: ‘Tá Tiarna na Slua ina Dhia ar Iosrael.’ Déanfar teaghlach do shearbhónta Dáiví daingean i do láthair,
Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.
Tá fios a mbeart aige, Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.
Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta.
Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.
Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
Moltar duine ar fheabhas a chéille; ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.
Tógann an [eagna] teach di féin, ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin.
Scriosfar teach an urchóidigh, ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.
Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.