Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 12:3

An Bíobla Naofa 1981

Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.

nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht, ‘s nach nglacann le breab in aghaidh an neamhchiontaigh. An té a dhéanfaidh amhlaidh ní bhainfear dá threoir é go brách.

Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.

Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.

Scriostar túr daingean na n‑urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.

Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.

go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá

Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.

Gura beannaithe d'eagna, agus gura beannaithe thú féin, de bharr mé a chosc inniu ó choir na fola, agus ó éiric a bhaint amach le mo láimh féin!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí