tuigeadh dó gur mhaith é áit lonnaithe, agus gur thaitneamhach é an dúiche; chrom sé a ghualainn don ualach, agus rinneadh daor de faoi sclábhaíocht éigin.
Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é.
Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.
a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.