Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.
Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.
Déanfar a choiscéimeanna daingne a chrapladh, Agus leagfaidh a chomhairle féin ar lár é.
Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.
Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.
Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.
Cosnaíonn an tsuáilce an fear dea-bheatha; milleann an urchóid an peacach.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].
Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.
Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.
Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.
Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.
Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.
Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne; bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.
Ansin chas arm Iosrael ar a sála agus thit an lug ar an lag ag arm Bhiniáimin, mar chonaiceadar go raibh an tubaiste sa mhullach orthu.