Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 11:30

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.

Scriostar túr daingean na n‑urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.

Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás; is fealltóir an bréagaire.

Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.

Crann na beatha í do lucht a sealbhaithe, agus is méanar dóibh siúd a choimeadann greim uirthi.

Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”

Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.

Tar éis an tsaoil, cén t‑ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibhse? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibhse?

bíodh a fhios aige, an té a chasfaidh peacach ar ais óna sheachrán slí, go sábhálfaidh sé a anam ón mbás, agus go ndéanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc.

An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí