An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar; ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.
Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.
Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.