Fógair é i bpáláis na hAsaíre agus i bpáláis na hÉigipte agus abair: “Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin agus an leatrom laistigh di.”
Deirim líbh go fírinneach, cibé áit a mbeidh an dea-scéal seo á fhogairt ar fud an domhain go léir, beifear ag trácht ar a ndearna sise mar chuimhneamh uirthi.”
D'éirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha.