Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.
Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán.
Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne teaghlach Acháb, mar tar éis bhás a athar ba iadsan a bhí mar chomhairleoirí aige, rud a raibh sé thíos leis.
Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú, ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.
Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh ach is í an bhaois crá na n‑amadán.
Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.
Dea-threoir a bhuann cath, agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.