Agus go deimhin tháinig na feidhmeannaigh uile chuig Irimia chun é a cheistiú. D'inis sé dóibh díreach mar a d'ordaigh an rí dó. Lig siad dó ansin, mar níor cluineadh focal den chomhrá.
San am céanna tosaíonn siad ag gabháil timpeall díomhaoin ó theach go teach, agus ní díomhaoin amháin a bhíonn siad ach iad ag suainseán agus ag gobaireacht agus ag caint ar nithe nach cuí.
Ansin d'fhreagair na fir í: “Ár n‑anam in áit bhur n‑anam, mura sceitheann tú ar an réiteach eadrainn; beimid cineálta dílis leat nuair a bhronnfaidh an Tiarna an fearann orainn.”