Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.
“Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!”
Ach bhí scraistí áirithe a dúirt: “Conas a d'fhéadfadh an duine seo sinn a shaoradh?” Bhí drochmheas acu air agus níor thugadar aon bhronntanas dó. Ach níor labhair sé focal.