Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin, ach calaois le beola an urchóidigh.
Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan, ach scartáiltear í trí bhéal na n‑urchóideach.
Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.
Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.
Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta], ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.
Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga,
Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon.
An scraiste, an t‑urchóideach, gabhann sé thart agus grabhas air;
Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
D'fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis.
agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.