As béal an fhíréin tagann eagna, ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl.
Go dteasca an Tiarna gach aon bhéal bréagach, gach teanga a bhíonn ag maíomh go sotalach díomasach;
Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagna agus canann a theanga an ceart;
Tabharfar suas do chumhacht an chlaímh iad agus déanfaidh na seacáil a gcuid orthu.
Is fionse beatha é béal an fhíréin, ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh; ach an bata ar dhroim an duine éaganta.
Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim; agus tá teagasc caoin ar a beola.