Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 10:28

An Bíobla Naofa 1981

Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan, ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh.

A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé, Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal

Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile. Bainfidh sé dioscán as a fhiacla agus leáfaidh sé; agus meathfaidh mian an urchóidigh.

Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.

Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé, déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.

Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n‑urchóideach amú.

Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.

Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.

Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

Bígí suairc le dóchas, seasmhach faoi thrioblóid, ag guí gan staonadh,

Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.

mar is trídsean atá teacht againn le creideamh ar an ngrásta seo ina mairimid. Agus ábhar mórála dúinn is ea an dóchas go bhfuil glóir Dé i ndán dúinn.

Agus go gcuire Íosa Críost féin ár dTiarna agus Dia ár nAthair, a thug grá dúinn agus a bhronn orainn in aisce sólás síoraí agus dóchas daingean,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí