Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh; ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.
Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh, ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.
Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl,
Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.