Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 10:18

An Bíobla Naofa 1981

Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath; is amadán é fear na tromaíochta.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.

Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.

an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga; an té nach ndéanann olc dá chomharsa is nach dtugann masla don duine thall;

Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.

Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit, tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.

Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.

Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach.

Is tréigtheoirí ceanndána iad uile, ag siúl rompu le lucht tromaíochta.

Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.

Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.

agus ba mhóide a eagla roimh Dháiví agus rinne de namhaid buan do Dháiví.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí