Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.
Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. ...Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!
Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d'fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé!
agus déarfaidh mé le m'anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.