Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 10:13

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh; ach an bata ar dhroim an duine éaganta.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Ná bígí mar an each ná an mhiúil, gan chiall gan tuiscint. Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad ní thiocfaidh siad i do chóngar.

Bíonn béal an fhíréin ag labhairt eagna agus canann a theanga an ceart;

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh amach os cionn talamh na hÉigipte chun na lócaistí a thabhairt i dtreo go dtiocfaidh siad anuas ar thalamh na hÉigipte agus gach glasra ar an talamh, gach a d'fhág an clochshneachta, a alpadh.”

Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine, ach faigheann amadáin bás le díth céille.

As béal an fhíréin tagann eagna, ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl.

Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!

Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n‑amadán.

Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite.

Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach, ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.

Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n‑amadán.

Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.

Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n‑amadán.

Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.

Ach níl splinc céille ag an adhaltrach; déan mar é, agus scriosfaidh tú thú féin.

Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste,

Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.

Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí