Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 1:27

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

An n‑éistfidh Dia lena ghlao Nuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?

Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de, amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.

Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.

Anois éiríonn anfa an Tiarna, séideann an stoirm ghaoithe, briseann sí ar cheann na ndrochdhaoine;

Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.

Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t‑olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith.

Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí