Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.
drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu, agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”
An rud is eagal leis an urchóideach, tiocfaidh sé sa mhullach air; ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.
Moltar duine ar fheabhas a chéille; ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.
Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n‑amadán.
Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle.
Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.
Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’ ”
Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.
Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!”