“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
agus tháinig sluaite chomh mór sin le chéile ag triall air go ndeachaigh sé isteach i mbád agus gur shuigh inti, agus an slua go léir ina seasamh ar an gcladach.
D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.