Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 1:19

An Bíobla Naofa 1981

Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t‑anam ón dream ar leo é.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,

D'oscail sé clais agus thochail í ach thit sé sa pholl a rinne sé.

Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna, agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;

An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.

agus an saibhreas sin á chailleadh trí fhiontar míámharach éigin agus gan dada le fáil ag an mac a ghin sé.

Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint.

gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.

Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”

“Cad ina thaobh,” arsa Iósua, “gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!” Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.

Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí