Is fánach é an líon a leathadh agus an t‑éan ag faire.
Agus a dhéanann sinn níos gaoismheara ná ainmhithe na cruinne. Agus níos críonna ná éanlaith an aeir.”
(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.
nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.
Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”
Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.