Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.
Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.
Rinne Sól iarracht ar Dháiví a ghreamú den bhalla lena shleá, ach sceinn sé as an tslí ó Shól i dtreo gur sháigh seisean a shleá sa bhalla. Theith Dáiví agus tháinig slán.