Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”
Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.
Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh.
Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aigesean. Ach cé hé tusa le breith a thabhairt ar do chomharsa?
Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.