Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.
Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;
Ansin dúirt sé liom: ‘Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeadh fios a thola agat, go bhfeicfeá an Fíréan agus go gcloisfeá glór a bhéil féin.
Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,
Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: “Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.
Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n‑iarrann sibh.