Séamas 5:4An Bíobla Naofa 1981Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe. Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.