Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 5:16

An Bíobla Naofa 1981

Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.

Féach an chaibidil Cóip

68 Tagairtí Cros  

Sin mar a bhí nuair a scrios Dia cathracha an ghleanna agus gur chuimhnigh sé ar Abrahám agus gur shaor sé Lót ón díothú nuair a dhíothaigh sé na cathracha mar ar chónaigh Lót.

Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.

Tabhair an bhean ar ais, más ea, dá fear céile anois, óir is fáidh é agus guífidh sé ar do shon agus mairfidh tú. Ach mura dtabharfaidh tú ar ais í, bíodh a fhios agat go bhfaighidh tú féin agus cách is leat bás na mbás.”

“Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”

agus rinne siad cion fir ag iompar teaghlach an rí anall thar áth, agus ag déanamh cibé rud ba mhian leis. Ag gabháil thar Iordáin don rí, chaith Simeí mac Ghéara é féin ag a chosa

Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.

Thug an Tiarna cluas do Hiziciá agus thug sé an pobal slán.

Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”

Seachain an t‑olc agus déan an mhaith; bí ag lorg na síochána agus lean di.

Fad a choinnigh Maois a lámh in airde, bhí an lá le hIosrael, ach nuair a ligeadh sé anuas í, bhíodh le hAmailéic.

Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.

Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.

Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!

Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.

agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -

Ansin rinne an pobal achainí ar Mhaois agus ghuigh sé chun an Tiarna agus chuaigh an tine in éag.

Agus an uile ní a iarrfaidh sibh le barr creidimh sa ghuí, gheobhaidh sibh é.”

agus iad ag fáil bhaiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.

Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí.

Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.

Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.

an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.

Agus mórán acu seo a ghlac an creideamh tháinig siad ag admháil a gcuid gníomhaíochtaí féin agus ag tabhairt cuntais orthu.

D'fhreagair Síomón é: “Agus déanaigíse guí chun an Tiarna orm freisin ionas nach dtiocfaidh orm aon ní dár luaigh sibh.”

de réir mar atá scríofa: Níl oiread agus aon fhíréan amháin fágtha;

Faoi mar a rinneadh peacaigh de mhórán trí easumhlaíocht an aon duine amháin, ar an gcuma chéanná déanfar fíréin de mhórán trí umhlaíocht an aon duine amháin.

Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,

Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.

A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith.

Trí chreideamh d'ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.

Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.

agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.

Bígí ag guí ar ár son. Táimid cinnte de go bhfuil coinsias glan againn mar is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.

Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”

D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.

Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh.

Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal,

Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”

Ghuigh Samúéil chun an Tiarna ansin agus sheol an Tiarna toirneach agus fearthainn an lá sin, agus bhí an pobal go léir lán d'urraim don Tiarna agus do Shamúéil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí