Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 5:11

An Bíobla Naofa 1981

Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.

Féach an chaibidil Cóip

53 Tagairtí Cros  

Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitfinn i lámha an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, ná i lámha daoine.”

Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.”

Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.

Ach, le barr grá, níor chuir tú deireadh leo, Níor thréig tú ar fad iad, Mar is Dia lách cineálta thú.

Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.

Rugadh seachtar mac agus triúr iníonacha dó.

“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.

Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.

Is ceansa an Tiarna agus is cóir; is trócaireach é ár nDia.

Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua, mar a dhéanann tú do do chairde.

Is cineálta an Tiarna agus is trócaireach, mall chun feirge, agus lán de thrua.

Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána;

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví,

Mar sin féin, toisc é bheith trócaireach mhaitheadh sé a bpeaca, gan iad a scriosadh. Is minic a chuir sé srian lena fhearg agus nár lig sé a racht amach orthu.

A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d'fhírinne:

Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.

Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé: “A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht;

Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t‑uabhar.

Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris, agus éachtaí an Tiarna a fhógairt, gach a ndearna an Tiarna ar ár son agus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael, gach ar bhronn sé orthu le barr dáimhe agus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.

ina dtrioblóidí go léir. Ní teachtaire ná aingeal ach é féin a scaoil saor iad. Le teann grá agus trua d'fhuascail sé féin iad; thóg sé suas agus d'iompair iad sna laethanta sin uile anallód.

Tuile gan trá is ea buanghrá an Tiarna agus ní théann tobar a thrócaire i ndísc.

agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.” Filligí chun an Tiarna, bhur nDia, mar tá sé truachroíoch agus trócaireach, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus is aithreachas dó an t‑olc.

Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.

Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.

‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’

Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.

agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla.

Óir gach aon duine a iarrann, glacann, agus an té a lorgann, faigheann, agus an té a bhuaileann, osclófar dó.

Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach.

Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?

trí Íosa Críost, i dtreo go molfaí an grásta as cuimse a roinn sé orainn go fras ina Mhac muirneach.

Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn

Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábháilfear ár n‑anam.

Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.

bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).

Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.

Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,

Dá bhrí sin cuirigí bhur n‑aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.

Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu.

tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí