Séamas 4:6An Bíobla Naofa 1981Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.” Féach an chaibidil |
De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit - sé an Tiarna atá ag caint.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.