Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a d'iarr tú agus nach fad saoil duit féin a d'iarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt,
Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”
Seo mar a tharla sé, a deir Tiarna na Slua: “Nuair a ghlaoigh mise orthu, níor éist siad liom; mar an gcéanna, nuair a ghlaoigh siadsan ormsa, níor éist mise leo.
D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”
Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?”
Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.