Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aigesean. Ach cé hé tusa le breith a thabhairt ar do chomharsa?
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.
Éirímis as bheith ag tabhairt breithe ar a chéile feasta más ea agus ina ionad sin cuirigí an méid seo romhaibh: gan ceap tuisle ná titime a chur sa bhealach ar bhráthair.
Agus cé hé tusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh.
Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.