Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Séamas 4:11

An Bíobla Naofa 1981

Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas; go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad, i dtreo is nach n‑éirí siad arís.

Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh.

Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agatsa, a dhuine, is cuma cé tú, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá do do dhaoradh agat, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.

Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.

Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí “ná santaigh”.

Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.

Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.

Cuirigí uaibh ar fad an ghangaid, an ghoimh, an fhearg, an callán, an t‑achasán mar aon le gach mioscais.

Ba chóir na mná a bheith creidiúnach mar an gcéanna agus gan a bheith cúlchainteach ach iad stuama agus iontaofa ar gach slí.

Beidh siad fuarchroíoch, mídhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith.

Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc

A bhráithre ionúine, ná cuirtear dallamullóg oraibh.

Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,

Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.

Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.

A bhráithre, bíodh na fáithe a labhair in ainm an Tiarna mar shampla agaibh den fhulaingt agus den fhoighne.

Bíodh foighne agaibh dá bhrí sin a bhráithre go dtí teacht an Tiarna. Féach an feirmeoir agus é ag feitheamh le fómhar luachmhar na hithreach, agus foighne aige leis nó go bhfaighe sé an fhearthainn luath agus dhéanach.

Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.

Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí