má dhéanann an pobal ar a nglaoitear m'ainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír.
Ardófar mo cheann ar ball thar mo naimhde i mo thimpeall, go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh íobairt an áthais. Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.
Chuaigh Maois agus Árón dá bhrí sin isteach go Forann agus dúradar leis: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia na nEabhrach: ‘An fada eile a dhiúltóidh tú géilleadh dom? Lig do mo phobal imeacht agus íobairt a dhéanamh dom.
Óir seasann rí na Bablóine ag an ngabhal ag ceann an dá bhealach a dhéanamh fáistine. Craitheann sé na saigheada, téann i gcomhairle leis an taráfaím, iniúchann na haenna.
Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”